Tacaíocht ag fás ar Twitter don Ghàidhlig

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Cuireadh tús le feachtas úr ar Twitter chun deis a thabhairt do chainteoirí Gàidhlig in Albain tacaíocht a léiriú do theanga dhúchais na hAlban.

Tá go leor ionsaithe á ndéanamh ar an nGàidhlig sna meáin le déanaí agus bheartaigh cainteoirí cur ina gcoinne le feachtas a léireodh gnéithe dearfacha na teanga.

Tá na céadta tar éis teachtaireachtaí tacaíochta faoin haischlib #IsMiseGaidhlig a chur ar Twitter.

Agus anois tá aithris á déanamh ar an bhfeachtas chun tacaíocht a léiriú don Ghaeilge faoin haischlib #IsMiseGaeilge.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.