Irish Independent - Seachtain

Ardaíonn mo chroí le teacht na Bealtaine – agus tá sí anseo!

- DÁITHÍ

Cheapas ná tiocfadh an Bhealtaine i mbliana, ar chúis éigin bhrathas gur ag dul i bhfad a bhí sí. Bhí cuma an earraigh ar an aimsir lá agus an lá dár gcionn bheadh sneachta agus sioc anuas sa cheann ort!

Bhí dhá lá réasúnta maith againn seachtain ó shin, chaitheama­r iad amuigh sa ghairdín agus ní raibh faic orainn ach T-léinte agus brístí gearra. Tháinig an Luan agus bhí clocha sneachta ag titim, an uair seo níor thógamar aon cheann dó. Tá taithí againn anois air!

Mar sin nuair a tháinig mí Bealtaine inné d’ardaigh mo chroí mar thar aon rud eile nuair a thagann an mhí seo níl aon dul síos (seans go bhfuilim ag magadh fúm fhéin anseo).

De ghnáth is sa mhí seo a thagann an samhradh dúinn ar fad, uaireanta ní bhíonn ach seachtain san aimsir seo agus tá taithí againn anois ar an samhradh a thabhairt air sin.

Blianta ó shin bhíomar saonta agus cheapamar go mbeadh an chuid eile dó ag teacht níos deanaí sa bhliain ach táimid ag éirí cliste na laethanta seo.

Mar sin agus an samhradh againn Dé Sathairn chuireas fhéin agus an leaid óg puball in airde sa ghairdín.

Tá nach mór cúig bliana agus fiche ann ó chuireas ceann acu seo le chéile, bhí allas amach tríom chun an fhírinne a rá ach an gáire a bhí againn istigh ann, bhí sé dochreidte. Ní fhaca an leaid óg chomh sásta ó oíche Nollag!

Theastaigh uaidh dul a chodladh ag a 5 tráthnóna. Bhí tine déanta amuigh againn chomh maith agus na leamhachái­n á rósta againn ina theannta seo. Bhí bearbaiciú againn agus leis seo tháinig cuid de na comharsana isteach chugainn.

Is breá liom a bheith amuigh fén aer agus daoine bailithe timpeall agus ag ól tae. Cruthúnas nár ghá deochanna meisciúla chun sult a bhaint as tráthnóna mar seo!

Is cuimhin liom an chéad uair a chuas ag campáil. Thagadh clann ó Bhaile Átha Cliath chugainn ag foghlaim Gaelainne gach samhradh agus bliain amháin thugadar puball leo. Thaithin sé go mór liom agus tháinig na cuimhní deasa seo ar fad ar ais chugam aríst.

Má bhíonn an Bhealtaine go maith dúinn beidh an puball in úsáid aríst an deireadh seachtaine seo chomh maith agus gach ceann faid is a mhaireann an dúil!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland