Irish Independent - Seachtain

Saol i dTuaiscear­t na hÉireann i rith na dTrioblóid­í

-

Saol na hOibre: Is léir go ndeachaigh na fir amach ag obair. Bhí gnáthphost ag Jimmy, ag obair ar na foirgnimh leis na fir eile. Réitigh sé go maith leis na fir eile, Billy ach go háirithe. Bhí sé de nós ag na fir uilig dul chuig an teach tábhairne gach Aoine tar éis na hoibre - bheadh cuma aisteach ar éinne nach mbeadh ann. Is léir gur fhan na mná sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí – mar a rinne Sarah. D’fhan Billy i mBéal Feirste ag obair nuair a bhí a bhean chéile imithe go Sasana chun garpháiste nua a fheiceáil. Thapaigh sé an deis taitneamh a bhaint as a sheachtain shaor.

Saol sóisialta: Bhí an saol sóisialta tábhachtac­h i súile an phobail. Dá mbeadh Jimmy ag déanamh a rogha ruda, ag fanacht sa bhaile lena bhean agus lena pháistí, bheadh na fir eile ag spochadh as, ag rá go raibh sé faoi bhois an chait aici. Nuair a théadh sé amach gach oíche Aoine tar éis na hoibre leis na fir, théadh sé go dtí an gnáth-theach tábhairne, leis na gnáthfhir, d’óladh sé ‘an rud céanna arís’, mar a dúirt fear an bheáir agus d’fhaigheadh sé ‘an gnáthrud’ ó Liz sa bhialann Shíneach. Ní dhearna an grúpa rudaí difriúla. Ní dhearna siad ach suí agus ól i mbeár. Chonaic Jimmy na pótairí a bhíodh sa bheár gach oíche agus bhí trua aige dóibh. B’fhearr leis féin a bheith sa bhaile lena chlann, b’fhear éagsúil é.

Saol Bhéal Feirste: Bhí saol deacair ag go leor daoine i mBéal Feirste i rith na dTrioblóid­í. Cé nach luaitear an cogadh, tá sé ann mar chúlra an scéil. Is minic a maraíodh daoine neamhurchó­ideacha gan trua gan trócaire. Bhí ceantair áirithe ann a bhí baolach agus bhí coimhlint idir Caitlicigh agus Protastúna­igh ar feadh na mblianta. Cé nach ndéantar tagairt do chreideamh ar chor ar bith sa ghearrscéa­l, mothaímid go láidir go bhfuil baint ag an bpolaitíoc­ht leis na dúnmharuit­he seo. Bhí seicteacha­s uafásach ann sa tsochaí. Nuair a luaitear an Housing Executive, na brící a bhí sna fuinneoga agus gur thóg sé bliain iomlán orthu an teach a ullmhú, feicimid nach raibh caighdeán maireachtá­la ard ann ag an am. Bhí na fir tugtha don ól is dócha, rud nár chabhraigh leis an bhforéigea­n.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland