Teicnící Scannánaíochta:
Anáil - tá páirt mhór thábhachtach ag an análú sa ghearrscannán seo. Tugann an traein saoirse agus sos do Catherine, faigheann sí spás agus faoiseamh ann, is féidir léi anáil a tharraingt ann. Léann sí leabhar grá a dhéanann cur síos ar leannáin agus ar a n-análú paiseanta. Tá fadhb mhór ag Pól lena anáil a tharraingt, úsáideann sé análóir go minic. Cuireann a análú isteach ar Catherine.
Codarsnacht - tá codarsnacht ghéar ann idir análú Phóil atá míshláintiúil agus gránna, agus an t-análú atá ar siúl i scéal grá Catherine; cuireann an teicníc seo leis an atmaisféar teann atá eatarthu ar an traein. Cruthaíonn Pól teannas nuair a thosaíonn sé ag labhairt faoi bheith ag ‘éalú’.
Fuaim - nuair a chloisimid Pól ag análú go trom, nuair a thagann taom asma air, agus nuair a chloisimid é ag slogadh a chupán caife, cuireann sé déistin orainn agus ar Catherine, atá ag iarraidh díriú ar a leabhar. Is éifeachtach an úsáid a bhaintear as fuaimeanna éagsúla sa ghearrscannán seo.
Íoróin - tá íoróin le sonrú go láidir sa ghearrscannán nuair a deir Pól ‘is deas an rud éalú, nach ea?’ mar tuigimid nach féidir le Catherine éalú óna máthair, óna saol uaigneach nó fiú ó Phól. Is é Pól an fhadhb is éasca réitithe aici, is dócha. Sin an fáth a dtéann sí i ngleic leis i mbealach láidir mailíseach. Feictear íoróin freisin mar tá scéal grá á léamh ag Catherine, ach ní léiríonn sí grá d’éinne ina timpeall.
Láthair/Suíomh - tarlaíonn an scéal uilig taobh amuigh den stáisiún traenach agus ansin ar an traein féin. Tá an traein (meafar don saol!) ag bogadh ar aghaidh chuig an gcéad áit eile; cé go bhfuil Pól marbh, is cuma leis an traein, leanann gach rud ar aghaidh.
Meafar - is meafar don saoirse agus do shónna an tsaoil é an Cáca Milis a itheann Pól go gránna - tá saoirse aige ina shaol féin ach braitheann sé ar dhaoine eile go minic. Tá Catherine bréan de bheith ag tabhairt aire dá máthair, tá saol deas uaithi ach ní bheidh deis aici é sin a bhaint amach riamh. Tá ‘cáca milis’ an tsaoil ag teastáil uaithi - níl rud ar bith milis ina saol féin, seachas domhain neamhréadúil an leabhair, a mhilleann Pól. Seasann Pól agus a chíste milis do shaol millte Catherine - milleann sí a cháca/shaol mar tá a saol féin ina phraiseach.
Plota - baineann an plota le dúnmharú, díoltas, cruálacht, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil fadhbanna intinne orthu. Baineann an plota geit as an lucht féachana, tarraingíonn sé ár n-aird ar na hábhair chonspóideacha seo.
Seat teann - (close up shot) úsáidtear seat teann chun béim a chur ar Phól agus é ag ithe cáca. Úsáidtear iad go minic chun ár n-aird a tharraingt ar mhothúcháin na beirte. Cuireann sé leis an atmaisféar teann i rith an scannáin. Is iomaí rud a fheicimid in aghaidheanna na beirte, faighimid tuiscint níos doimhne ar an scéal ón méid atá feicthe againn ná ón méid atá cloiste againn. Radharc/seat fada - bíonn seat fada againn den traein ag gluaiseacht ar aghaidh sa seat/radharc deireanach.
Seat tapa - feicimid go bhfuil scéal grá á léamh ag Catherine, agus go bhfuil go leor paisin ann. Is dócha go bhfuil dlúthchaidreamh uaithi, mar aon le grá paiseanta agus fíorú a samhlaíochta. Stíl scannánaíochta - tá stíl ghonta theann ann. Cruthaíonn an stíl seo atmaisféar teann.
An Traein - bogann an traein ar aghaidh i gcónaí, cosúil leis an saol - ní féidir é a stiúradh ná rudaí uafásacha a sheachaint. Is meafar é don saol.
Iontráil Dialainne
Is tusa an fear a dhíolann caife ar an traein. Tar éis do Catherine tuirlingt den traein, filleann tú suas an traein...agus tagann tú ar Phól! Tá sé sínte amach fuar marbh. Scríobh an iontráil dialainne an oíche sin. Déan cur síos: - ar an atmaisféar nuair a dhíol tú caife le Pól níos luaithe - conas a mhothaigh tú nuair a chonaic tú go raibh Pól marbh - céard a rinne tú ansin - cén chaoi a bhfuair Pól bás, i do thuairim? (ní fhaca tú an eachtra dheireanach le Catherine!)