Alt le hAonghus Ó Lochlainn ag Tuairisc.ie, 16 Aibreán 2018.
1. An mhí seo chugainn, iarrfar ar mhuintir na hÉireann cinneadh a dhéanamh ar chóir an tOchtú Leasú a bhaint ón mBunreacht, leasú conspóideach a chuireann cosc daingean ar ghinmhilleadh a fháil sa tír seo. Tá muidne, sa ghrúpa ‘Gaeil ar son Rogha’, in éineacht leis an bhfeachtas ‘Together For Yes’, i mbun feachtais chun vóta ‘Tá’ a bhaint amach sa reifreann seo. Táimid ag gníomhú ar son daoine a éigníodh agus a bhí torrach dá bharr. In ainneoin go n-aithníonn an Stát éigniú mar cheann de na coireanna is tromchúisí gur féidir a fhulaingt, ní gá ach féachaint ar chás Ms. Y leis an mbealach gránna a chaitheann an Stát le híospartaigh éignithe torracha a fheiceáil. Teifeach a tháinig go hÉirinn chun éalú ó chiapadh a héignitheora, ní raibh d’acmhainn ag Ms. Y taisteal, agus bhí sí i mbaol lámh a chur ina bás féin leis an gcrá léanmhar ina raibh sí.
2. Anuas ar an gcoir mhillteanach a d’fhulaing sí sa chéad áit, sháraigh rialtas na hÉireann a cearta colainne arís agus arís eile, rinne beathú iallaigh uirthi, agus chuir faoi scian í i gcoinne a tola i gcomhair breith Caesarach. Níl an t-iompar barbartha seo inghlactha, agus is deacair a chreidiúint gur in 2014 a thit seo amach. Is gá dúinne cásanna duairce íospartaigh cosúil le Ms. Y a aithint. Seachas an easpa trócaire is dual dúinn faoi láthair, tá dualgas orainn a chinntiú go mbeidh íospartaigh a éigníodh in ann cúram cuí a fháil, agus cinneadh a dhéanamh iad féin, a mhaolaíonn an tragóid phearsanta. Táimid ag gníomhú ar son gach mná in aois toirchis atá ag fulaingt le tinneas.
3. [De bharr an Ochtú Leasú, tá doiléire ann maidir le tosaíocht bheatha an pháiste gan bhreith agus sláinte na máthar]. Dá bharr sin, sciobtar uaithi aon smacht atá ag bean ar a corp féin a luaithe is atá sí torrach, agus is féidir le dochtúirí aon chóir leighis gur mian leo a chur uirthi, beag beann ar a toil, ar mhaithe leis an bhféatas a chosaint. Féach ar chás Sheila Hodgers, a fuair bás in 1983, bean a raibh ailse uirthi agus í torrach. Diúltaíodh ceimiteiripe di mar go ndéanfadh sé dochar dá féatas; diúltaíodh ginmhilleadh, breith Caesarach, ionduchtú agus fiú pianmhúcháin di. Tháinig an leanbh ar an saol go hanabaí, agus fuair bás láithreach. Cailleadh Sheila féin dhá lá níos déanaí. Tá sé aitheanta ag na Náisiúin Aontaithe gur céasadh atá ina leithéid d’iompar, a bheith ag diúltú seirbhísí a d’fhéadfadh mná a shábháil agus a bhfuil sé de cheart acu iad a fháil. Ní féidir glacadh leis an easpa measa seo atá á léiriú ag an gcóras brúidiúil a mharaigh Sheila Hodgers, Savita Halappanavar, agus go leor ban nach raibh cóir leighis, mar is ceart a bheith, ar fáil dóibh.
4. Táimid ag gníomhú ar son an dáréag ban in aghaidh an lae a thaistealaíonn thar lear chun ginmhilleadh a fháil. Is gá deireadh a chur leis an bhfimíneacht – a bheith sásta glacadh le hÉireannaigh a bheith ag fáil ginmhillte fad is nach ndéanann siad amhlaidh anseo ag baile. Caithfear glacadh leis go bhfuil ginmhilleadh in Éirinn cheana féin, agus nach cinneadh é a ghlacann éinne go héadrom, ginmhilleadh a fháil. Seachas cuid de mhuintir na tíre a thréigean in am an ghátair, agus neamhaird a dhéanamh den damáiste síceolaíoch a bhaineann leis sin, is gá dúinn tacaíocht cheart a chur ar fáil do mhná a fhaigheann ginmhilleadh. Má dhéantar aisghairm ar an 8ú Leasú, cuirfear deireadh leis an gcóras cruálach seo, agus beidh mná in ann leas a bhaint as na seirbhísí sláinte anseo sa mbaile, ar bhealach dleathach, sábháilte, a bheidh faoi stiúir a ndochtúra áitiúil.
5. Dá mbeadh an saol gan locht, bheadh fáilte roimh an toircheas agus bheadh rath air, ach ní mar sin atá, agus gheobhaidh daoine ginmhilleadh nuair a bhíonn gá leis ar mhaithe le saol agus sláinte na máthar – sin mar a bhí ó thús ama. Is orainne atá an fhreagracht freastal ar a chéile go tuisceanach cineálta mar shochaí, agus a chinntiú go bhfuil smacht ag gach éinne ar a gcorp féin agus a gcearta daonna acu agus go bhfuil an deis ag daoine cinntí a bhaineann lena sláinte féin a dhéanamh iad féin. Tá sé thar am dúinn mar thír an comhrá seo a bheith againn agus féachaint cén reachtaíocht atá uainn, cé na rialacháin is gá, agus conas is fearr freastal ar shláinte agus ar chearta mhuintir na hÉireann. Tá an t-ochtú leasú ina chonstaic roimh an gcomhrá sin – is gá dúinn é a aisghairm.
–Is ball é údar an ailt seo den ghrúpa Gaeil ar Son Rogha, atá i mbun feachtais ar son aisghairm an Ochtú Leasú