Craobh CnaG bunaithe i Nua-Gheirsí

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Níl teorainn le leathadh na Gaeilge ar fud na cruinne is cosúil nó tá an chraobh is déanaí de Chonradh na Gaeilge bunaithe i NuaGheirsí i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá aithne ar NuaGheirsí ar go leor cúiseanna – is é láthair ‘The Sopranos’ é mar shampla – ach anois tá craobh de Chonradh na Gaeilge agus Pop Up Gaeltacht ann!

Tá Craobh na Fuiseoige bunaithe ar champas Ollscoil Drew in Madison ag Pádraig Ó Mathúna agus Lorcán Burns, beirt atá ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil do Ghaeil an teanga a úsáid i Stát an Ghairdín.

Tá sé mar sprioc acu anois cumann CLG ar nós Na Gaeil Óga a chur ar bun.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.