Lauren ag ceol le paisean ar son aisghairm an 8ú

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Agus lá an reifrinn ag teannadh linn, tá an ceoltóir aitheanta Lauren Ní Chasaide tar éis amhrán Gaeilge a éisiúint lena tacaíocht a léiriú ar son vóta ‘Tá’.

Ina hamhrán dar teideal ‘Saor’ ceolann Lauren go bhfuil an lá thart gur cheart go mbeadh mná á náiriú as na roghanna a dhéanann siad faoina gcorp féin.

Tá Lauren muinteartha leis an gclann cheoil iomráiteach Na Casaidigh ó Thír Chonaill, ach tá sí ag treabhadh a hiomaire féin i saol an cheoil le tamall agus iomrá uirthi dá réir. “Is rómhinic a bhrúitear náire ar dhaoine atá, b’fhéidir, leochaileach sa phobal, cosúil leo siúd atá ag súil le páiste gan choinne,” dúirt Lauren le Seachtain. “Tá deis againn anois tacú leis na daoine seo ionas go mothaíonn siad sábhailte a gcinntí féin a dhéanamh.”

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.