Harry agus Meghan? Bhí m’aird féin ar an Ríocht thábhachtach!

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta - DÁITHÍ ÓSÉ

Phós an Prionsa Harry agus a bhean Meghan Markle ag an deireadh seachtaine, go n-éirí leo sin!

Ní mhór duit a bheith ag maireachtáil fé chloch (nó áit éigin i gCorca Dhuibhne) nach mbeadh a fhios agat go raibh sé seo ag tarlú. Bhí an scéal i ngach áit. Gach páipéar agus gach iris nuachta. Bhíomar ar an gclár ag caint air nach mór gach lá ar shlí éigin.

Chaitheas gáirí, níl aon dabht ann acu gur sobaldráma a bhí anseo dár bhformhór agus an uair seo níos mó airde dírithe ar an mbean seachas an Prionsa agus chun a bheith fírinneach bhí níos mó cainte aríst fé ghúna pósta na Mná!

Bhí cad é caint ar mhuintir mhífheidhmiúil Meghan Markel – ach cad mar gheall ar mhuintir mhífheidhmiúil an Phrionsa? Ní raibh aon chaint air sin!

Ar aghaidh go Ríocht eile agus ar ais go dtí an duine úd i gCorca Dhuibhne nár chuala mar gheall ar an bpósadh ar siúl. Ríocht Chiarraí na peile a bhí ag cur tinnis air agus chun an fhírinne a rá orm fhéin chomh maith.

Nuair ná rabhamar ag caint ar Harry agus Meghan an tseachtain seo ar an gclár tháinig Tomás Ó Sé ar cuairt chugainn. Dúirt sé go mbeadh seans ag Ciarraí ach thug sé tús áite do Bhaile Átha Cliath in athuair i mbliana.

N’fheadaraíos le Tomás an mbeadh sé ag iarraidh na Dubs a chur sa tsiúl nó cad é? Pé scéal é ní bheidh sé i bhfad ón gceart!

An méid sin ráite táim ag cloisint rudaí maithe ón Ríocht seo againne. Níl fágtha ach 10 lá nó mar sin go dtí go mbeidh an liathroid á caitheamh isteach agus fiú ag an bpointe sin beidh sé deacair aon rud a fhoghlaim mar gheall orthu, fós fhéin ardaíonn sé mo chroí!

Níl éinne i gCiarraí ag caint ar an tSraith Náisiúnta, fé mar nár tharla sé in aon chor agus is maith san.

Tá imreoirí iontacha aonair againn ach conas a bheidh siad mar aonad? Beidh Lúnasa ann sara mbeidh an freagra sin againn!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.