TUAIRIM NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt - MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH @MaireTNC

Le mí anuas, tá dhá chluiche leathcheannais caillte ag Cúige Mumhan agus caithfear ceisteanna a chur faoina gcuid ábaltachta i gcluichí móra.

Níor ghnóthaigh siad corn ó 2011, agus arís eile beidh siad ag machnamh ar na deiseanna a chuir siad amú, go háirithe sa chéad leath in aghaidh na Laighneach. D’admhaigh Johann Van Graan go gcaithfeadh siad díriú ar na scileanna cuí chun cluichí a chur i gcrích, ach tá loit de chineál ann le fada anois.

Uaireanta, fágann sin lorg síceolaíoch ar an imirt agus ar a gcuid muiníne. ‘Ná déan nós agus ná bris nós,’ a deireann an seanfhocal. Tá nós cothaithe ag na Muimhnigh cúpla cath a bhuachan, ach níl aon chogadh buachta acu le fada an lá.

Tá easpa clisteachta imeartha á gcniogadh, in ainneoin an mhéid ceannairí atá acu ar an bpáirc.

Agus d’fhág duine de na ceannairí sin slán acu agus Simon Zebo ag crochadh a chuid seolta i dtreo na Fraince.

Bhí Joe Schmidt ábalta déanamh dá uireasa, ní dóigh liom go mbeidh sé chomh héasca céanna a áit a líonadh i gCúige Mumhan. PIC: INPHO/MORGAN TREACY

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.