Beo ar... an Camino

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

De ghnáth bíonn siad sa stiúideo ag plé cheisteanna móra cultúrtha ár linne ach le gairid chuaigh craoltóirí Beo ar Éigean ar eachtra úr – ar Camino cáiliúil na Spáinne.

Thug na podchraoltóirí aitheanta Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreasláin, in éineacht le beirt dá gcairde, an t-amhránaí Méabh Ní Bheaglaoich, agus an léiritheoir teilifíse, Edel Lovett, faoin oilithreacht iomráiteach go Santiago de Compostela – agus bhain siad an-sult as mar is léir ón ngriangraf seo.

Is féidir podchraoltaí Beo Ar Éigean a íoslódáil ó shuíomh idirlín RTÉ, www.rte.ie.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.