Irish Independent - Seachtain

Ardóidh easnamh na leapacha do mhic léinn go 26,000 – AMLÉ

Gníomh á éileamh ag ceannaire agus mic léinn ag éirí as an gcoláiste

- Le Sinéad Nic Con Rí

Beidh ar níos mó mic léinn éirí as an gcoláiste go ceann sé bliana eile mar gheall ar an ngéarchéim thithíocht­a, a dúirt ceannaire na mac léinn.

Dúirt Michael Kerrigan, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), go n-ardódh easnamh na leapacha do mhic léinn go 26,000 faoin mbliain seo chugainn.

“Chonaiceam­ar go leor samplaí ar fud na tíre de mhic léinn nach bhfuil ag glacadh le háit ar an ollscoil nó atá ag éirí as a gcúrsa mar nach bhfuil siad in ann a theacht ar lóistín oiriúnach ar phraghas réasúnta,” a dúirt Kerrigan mar rabhadh.

“Tá go leor mic léinn eile ag taisteal achar an-fhada chuig an gcoláiste.

SÉ BLIANA

“Bíonn drochthion­char aige sin ar chomh maith is a n-éiríonn leis na mic léinn toisc go mbíonn ar go leor díobh teacht isteach mall agus fágáil go luath mar go bhfuil siad ag brath ar an gcóras iompair phoiblí.”

Ach mhaígh sé go dtógfadh sé blianta fada sula bhfeicfí aon toradh ar straitéisí an Rialtais le haghaidh lóistín do mhic léinn – go háirithe i mBaile Átha Cliath.

“Léiríodh sa straitéis le haghaidh lóistín do mhic léinn a sheol an rialtas go bhfuil easpa 24,000 leaba againn i lóistín a tógadh go sonrach do mhic léinn,” a dúirt Kerrigan.

“Ach ardóidh sé sin go 26,000 in 2019 agus beidh 2024 ann sula bhfeicimid laghdú ar an easnamh reatha.

“Cé go bhfuil lóistín á thógáil do mhic léinn i bhformhór na gcathracha agus na mbailte, ní leor é chun dul i ngleic le líon na mac léinn atá ag méadú i gcónaí, gan trácht ar an éileamh reatha.”

Dúirt Uachtarán AMLÉ nach bhfuil an dara rogha ann ach iarraidh ar mhuintir na cathrach cabhrú le mic léinn as seo go ceann cúpla bliain agus an cíos ag dul in airde seasta.

“Táimid ag moladh d’úinéirí tí a bhfuil seomraí breise acu iad a scaoileadh ar cíos le mic léinn ar ár suíomh gréasáin homes.usi. ie. Is féidir suas le €14,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana ach seomra a scaoileadh ar cíos do mhic léinn,” a dúirt Kerrigan.

“Táimid ag achainí ar dhaoine cabhrú linn más féidir.”

Tá an cíos i mBaile Átha Cliath 20% níos airde ná an bhuaic in 2008.

I gcás na mac léinn a fhanann ar an gcoláiste, caithfidh dhá thrian díobh oibriú suas le 21 uair an chloig in aghaidh na seachtaine chun an cíos níos airde a íoc.

Sin méadú aon trian ó 2011. Dúirt beagnach an ceathrú cuid de mhic léinn a d’fhreagair suirbhé le deireanaí go raibh orthu oibriú in áit freastal ar léachtaí áirithe.

Creidtear go dtosóidh dianchuard­ach an tsamhraidh ar lóistín níos luaithe i mbliana dá bharr sin ar fad.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland