‘Campa lán’ anois ag Féile na Gealaí

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Is é an ticéad is teo an samhradh seo é, an ticéad órga le freastal ar Fhéile na Gealaí i nGaeltacht Rath Chairn i gceann coicíse.

Ach má bhí tú ag smaoineamh ar dhul ann le do phuball, tá tú ródhéanach! Tá na ticéid campála go léir díolta.

Mar sin féin is féidir leat ticéid lae a fháil go fóill a ligfidh duit taitneamh a bhaint as réaltaí móra na Gaeilge i mbliana, Kneecap.

Beidh na ceoltóirí rap dána ó Bhéal Feirste ar an ardán in éineacht le Niteworks, Scannal, Polca 4 agus go leor eile. Beidh a lán imeachtaí eile ar siúl ann freisin agus tá tuilleadh eolais ar www.feilenagealai.ie.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.