TUAIRIMÍOCHT NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt -

Chuir an bealach ar caitheadh le Loris Karius as dom.

Cinnte, rinne sé botúin, ach bíodh sin mar atá, ní raibh an íde béil a fuair sé ar líne tuillte aige. Chuir sé díomá orm chomh maith nuair a thug mé faoi deara nach raibh sé ag fáil aon tacaíocht óna fhoireann ag deireadh an chluiche, cé go raibh sé soiléir go raibh a chroí briste.

Tharla an darna botún mar gheall ar an gcéad cheann a rinne sé, agus tharla sé sin mar nach raibh dóthain muiníne aige as féin, agus nach raibh aon mhuinín ag a fhoireann as ach oiread. Ba léir go raibh sé fós ag déanamh a chuid machnaimh ar an gcéad bhotún, nuair a chlis air arís.

Dúirt an captaen Jordan Henderson nach raibh aon mhilleán le cur ar Karius, agus gur ghnóthaigh siad agus gur chaill siad a gcuid cluichí mar aonad amháin.

Níor fhacthas domsa go raibh sin amhlaidh, agus creidim gur cheart dóibh ar fad féachaint sa scáthán, seachas ar an gcúl báire.

Níl aon neart ag Karius air gurbh é a bhí roghnaithe ag Jürgen Klopp. PIC: MIKE EGERTON/PA WIRE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.