Comórtas Peile na Gaeltachta

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt -

Is sna Dúnaibh i gContae Dhún na nGall a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo. Beidh curaidh na bliana seo caite, an Ghaeltacht, ag súil greim a choinneáil ar an gcorn, agus is in aghaidh na Ceathrún Rua as Contae na Gaillimhe a bheidh siad Dé Sathairn, i gcluiche a bheidh tarraingteach don lucht féachana.

Ábhar díomá é nach mbeidh Naomh Abán ann, mar gheall ar easpa imreoirí. Le blianta beaga anuas, seo deacracht a bhíonn ag an gcomórtas agus cumainn bheaga ag streachailt agus iad ag iarraidh dóthain imreoirí a bheith acu.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.