Borradh do na contaetha ‘a ligeadh i ndearmad’
Ceantair áille Ghaeltachta ar chósta iarthar na tíre le tairbhe a bhaint as infheistíocht ollmhór sa turasóireacht
Tá ceantair Ghaeltachta an Iarthair ag súil leis an
mborradh is mó riamh faoin turasóireacht, dar le húinéirí óstán.
Tagann an dea-scéala seo do ‘na contaetha a ligeadh i ndearmad’ i ndiaidh straitéis margaíochta a chosain na milliúin euro sa mhargadh is mó do thurasóirí chun na hÉireann – an Bhreatain.
Cé gur thit líon na daoine a tháinig go dtí an Phoblacht ón Ríocht Aontaithe 10% anuraidh, ceaptar go gcuirfidh an feachtas fógraíochta sin ina cheart.
Agus tá líon na Meiriceánach agus na saoránach ón Aontas Eorpach le fás arís – i ndiaidh ardú 12% anuraidh.
Tá Turasóireacht Éireann ag reáchtáil feachtas ar fud thíortha na hEorpa.
Tá feachtas deich seachtaine ar bun san Iodáil ina bhfuil fógraí an-fheiceálach ar scáthláin bus timpeall ar Milano – agus lasairéan spraíúil Lastminute. com mar chuid de, ar beochan speisialta é chun aird a mhealladh. Bhí fógraí ar líne agus margaíocht ar ríomhphost i gceist freisin agus tá feachtas teilifíse Lastminute atá ar bun san Iodáil faoi láthair ag cur leis chomh maith. Tá sé d’aidhm ag an bhfeachtas áirithintí saoire a spreagadh le teacht go hÉirinn, agus tarraingíodh aird faoi leith ar thairiscintí mealltacha ar ardáin Lastminute – Lastminute.com agus VoloGratis.
Dar le Niamh Kinsella, Bainisteoir na hIodáile do Thurasóireacht Éireann: “Ba é 2017 an bhliain ab fhearr riamh do thurasóireacht ón Iodáil go
hÉirinn, nuair a d’fháiltíomar roimh thart ar 363,300 cuairteoir Iodálach, méadú +5.5% ar 2016. Tá Turasóireacht Éireann meáite ar a chinntiú go leantar leis sin agus tá clár cuimsitheach fógraíochta ar bun againn san Iodáil arís in 2018. Is gné thábhachtach den chlár sin iad feachtais chomhoibritheacha le páirtithe tábhachtacha, ar nós an fheachtais seo le Lastminute.com, chun taisteal go hÉirinn a spreagadh in 2018.”
Is í Carolynne Harrison bainisteoir ginearálta an Shandon Hotel & Spa i nDún Fionnachaidh, Contae Dhún na nGall, contae ina raibh an líon is mó cuairteoirí fós i mí na Bealtaine. Deir sí go bhfuil toradh an-mhaith do thionscal na turasóireachta sa chontae go dtí seo ar shraith tionscnaimh margaíochta a tharraingíonn aird ar Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. “Bhíomar gnóthach sa Shandon Hotel & Spa an t-earrach ar fad,” a dúirt Carolynne.
“Bímid ar oscailt an bhliain ar fad anois a bhuíochas leis an laghdú leanúnach ar an ráta CBL agus le margaíocht Shlí an Atlantaigh Fhiáin anseo in Éirinn agus sa Bhreatain. Ceapaim go mbeidh sé ar an mbliain is fearr riamh do na contaetha in Iarthar na hÉireann.
“Tá athrú tagtha mar sin féin ar líon na gcuairteoirí Eorpacha agus Meiriceánacha ar an Shandon Hotel. Dhúbail sé sin le hais anuraidh.”