NI CHREIDIM I MÓRÁN, ACH SÍ SEO AIMSIR NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
DEA-SHEACHTAIN: BOSCAÍ ISTEACH
Dea-sheachtain a bhí ann dúinne a bhfuil bosca isteach ríomhphost inár saol. Táim chomh buíoch sin den Dlí Cosanta Sonraí nua seo go bhfuil fonn orm féasta a eagrú.
B’fhéidir gur léargas uafásach é seo ormsa, ach bhí an leibhéal sásaimh a fuair mé as “Stop” a bhrú ar na nuachtlitreacha beagnach míshláintiúil.
Tuigim an cás, tá rud éigin le díol againn ar fad. Sin ráite, chun scéilín beag a roinnt libh, bhí athchiontóir dochreidte ag truailliú mo ríomhphost le ceithre fhógra sa tseachtain ar a laghad le haghaidh forbhia cothaithe. Ceithre huaire sa tseachtain? Ní labhraím le haon duine beo an méid sin. Pé duine nó grúpa a chum an dlí seo, tá pionta agaibh orm.
DROCHSHEACHTAIN: DALTAÍ NA HARDTEISTE
Drochsheachtain atá ann do scoláirí na hArdteiste, mar chomh rialta le bille bainc, seo anois “Aimsir na hArdteistiméireachta”.
Daoibhse nár chuala trácht air seo cheana, sí Aimsir na hArdteistiméireachta an feiniméan ina mbíonn aimsir iontach againn nuair a bhíonn dualgas ar na scoláirí bochta ar fad dianstaidéar a dhéanamh.
Ni chreidim i mórán, ach creidim in Aimsir na hArdteistiméireachta.
Ná bígí buartha a aos óig, tá an saol iontach ar fad romhaibh! Is cuimhin liom go maith mo thréimhse féin, bhí an ghrian ag scalladh anuas orm (b’in agaibh frása don aiste, a dhaltaí) agus bhí me sáinnithe taobh istigh ag scríobh seafóid éigin le spriocdháta ag druidim liom.
Ó. Fan bog.