Irish Independent - Seachtain

Is ait an mac an saol!

-

Amárach, 5 Meitheamh, is é Lá Domhanda na Timpeallac­hta é. Beidh daoine ar fud an domhain ag teacht le chéile agus ag plé bealaí chun domhan níos glaine, níos glaise, agus níos gile a chruthú dúinn féin agus do na daoine san am atá le teacht. Má fhéachann tú amach ar fhuinneog na scoile, seans maith go n-aontóidh tú gur áit réasúnta deas glan í Éire cheana féin. Tá an t-aer glan. Fiú má tá sé ag cur báistí, tá an t-uisce anuas glan. Níl an bháisteach nimhneach. Ní mar sin atá an scéal ar fud an domhain, áfach. Tá an t-aer an-truaillith­e in áiteanna sa tSín. Deir eolaithe na Síne go bhfuil an truailliú chomh huafásach sin go bhfuil na plandaí ag fás níos moille ná mar ba cheart dóibh. Cuirfidh sé seo isteach ar fhás bhia na tíre. I gcathracha ar nós Beijing (an phríomhcha­thair), caitheann a lán daoine masc sa chaoi nach rachaidh cáithníní truaillith­e isteach ina scamhóga. Uaireanta, bíonn an truailliú chomh dona sin go mbíonn ar na húdaráis bóithre a dhúnadh agus eitiltí a chur ar ceal. Ach bíonn truailliú ann in Éirinn freisin – uaireanta éiríonn an t-aer anseo truaillith­e. Bliain amháin, ag deireadh mhí an Mhárta, bhí brat deannaigh ón tSahára ar charranna. Shéid na gaotha an deannach dearg-donn ón Afraic Theas atá níos mó ná 3,218 km ar shiúl. I Londain, agus in áiteanna eile i Sasana, mheasc an deannach le truailliú ó charranna agus ó stáisiúin chumhachta. Bhí na leibhéil truaillith­e chomh hard sin go ndúirt dochtúirí le daoine gan mórán ama a chaitheamh lasmuigh, má bhí fadhb shláinte acu. Táimid uile nasctha le chéile ar an domhan seo. Má dhéanaimid rud éigin i dtír amháin, beidh tionchar aige sin ar thíortha eile agus ar phobail eile. Aer truaillith­e sa Bhreatain is cúis leis an mbáisteach aigéadach a thiteann sa tSualainn agus i dtíortha eile san Eoraip. Iompraíonn gaotha aer truaillith­e ó Mheiriceá go réigiúin éagsúla i gCeanada. Tá na gaineamhla­igh ag éirí níos mó, agus mar sin, tá níos mó deannaigh á shéideadh ar fud an domhain. Truailliú an toradh air seo, de ghnáth. Ar Lá Domhanda na Timpeallac­hta, déan machnamh ar na rudaí is féidir leatsa a dheanamh ar son an domhain. Smaoinigh ar an tionchar a bhíonn ag báisteach aigéadach agus ag aer truaillith­e. Déan machnamh ar bhealaí inar féidir linn cabhrú chun an truailliú a stopadh. Ba mhaith an smaoineamh é taifeadadh a dhéanamh ar na rudaí a dhéanann tú ar son na timpeallac­hta go ceann bliana. Ar 5 Meitheamh 2019, déan ceiliúradh ar an gcabhair a thug tú don phláinéad i rith na bliana!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland