Truailliú aeir
Bímid ag análú aeir ó mhaidin go hoíche. Ní bhíonn dath ná boladh ar aer glan, ach uaireanta, tagann boladh bláthanna nó boladh an fhéir chugainn ar an aer. Is bolaithe deasa iad seo. Ach go minic, má mhothaímid drochbholadh, ciallaíonn sé go bhfuil an t-aer truaillithe. Ní maith an rud é go mbeadh aer truaillithe. Déanann sé damáiste dár scamhóga agus cuireann sé isteach ar ár n-análú. Déanann sé dochar do phlandaí freisin. Go minic, truaillíonn múch an t-aer agus tagann an mhúch ó thionscail agus ón trácht, cé go bhfuil deannach na ngaineamhlach ag truailliú an aeir freisin, mar a léigh tú thall. Cabhróidh an chéad ghníomhaíocht eile leat a fháil amach an bhfuil an t-aer thart ort truaillithe. Caighdeán an aeir a thástáil
BUNÁBHAIR:
• Claibíní ó phrócaí gloine • ‘Vaseline’ • Spúnóg • Gloine formhéadúcháin
TREORACHA:
1. Leath Vaseline ar na claibíní le cúl na spúnóige. 2. Cuir na claibíní in áiteanna éagsúla, m.sh. clós na scoile, an cosán in aice le geata na scoile, leac na fuinneoige sa bhaile. Bí cinnte nach siúlfaidh aon duine orthu. 3. Breathnaigh ar na claibíní tar éis cúpla lá. Cuir i gcomparáid lena chéile iad. 4. Cad a thugann tú faoi deara? Taifead na torthaí.
PLÉIGH:
Cé acu claibín ba shalaí? Cé acu claibín ba ghlaine? Cad atá le foghlaim as seo faoi thruailliú aeir? Cad is cúis leis an truailliú aeir seo, dar leat? (Leid: smaoinigh ar an trácht áitiúil!)