Báisteach aigéadach agus foirgnimh
Thar na mílte bliain, creimeann Uisce carraigeacha, go háirithe carraigeacha cosúil le haolchloch. Tá gnáthbháisteach beagáinín aigéadach agUs nUair a thiteann sí ar aolchloch, ídíonn sí an chloch. Leanann sé seo ar feadh na mílte bliain. De réir a chéile, éiríonn na gága níos mó go dtí go mbíonn Uaimheanna san aolchloch. Tá báisteach aigéadach i bhfad níos láidre ná gnáthbháisteach agUs tá faitíos ar eolaithe go gcreimfidh sí foirgnimh déanta d’aolchloch. Tá an t-ábhar céanna i mblaosc Uibhe agUs atá in aolchloch. Imscrúdaigh cad a tharlóidh do bhlaosc Uibhe má chlúdaíonn tú é le fínéagar.
Bunábhair:
• uibheacha bruite • Fínéagar • Próca ghloine, cupán nó coimeádán eile • Rud éigin chun an meascán a chorraí (roghnach)
Treoracha:
1. Bain na blaoscanna de na hUibheacha. 2. Cuir fínéagar sa phróca. 3. TUar cad a tharlóidh má chUireann tú na blaoscanna san fhínéagar. 4. Fág na blaoscanna agus an fínéagar ar leataobh ar feadh cúpla lá. Cad a tharlaíonn? An raibh an ceart agat?
Cén fáth a dtarlaíonn sé seo?
Tharla imoibriú ceimiceach. Tá carbónáit chailciam sna blaoscanna agUs d’imoibrigh sin leis an bhfínéagar agUs d’éirigh na blaoscanna níos boige.
Pléigh:
Iarr ar do mhúinteoir an bhfUil aon fhoirgneamh aolchloiche in aice na scoile, agus arbh fhéidir leat breathnú orthu. Féach an bhfuil aon chuid díobh creimthe.