Dragan ag seoladh leabhair i gcathair ‘Game of Thrones’!

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Ón am ar tosnaíodh ag scannánú na sraithe fantasaíochta Game of Thrones i mBéal Feirste, tá taithí ag muintir na cathrach sin ar a lán rudaí aisteacha a fheiscint.

Ach ní fhaca siad rud ar bith chomh haisteach le dragan ag seoladh leabhair mar a tharla an tseachtain seo caite i gCultúrlann cháiliúil na cathrach sin!

Ní raibh aon ghá a bheith buartha áfach nó is dragan i bhfad níos cairdiúla a bhí i láthair don leabhar is déanaí sa tsraith leabhair ó pheann Máire Zepf, Rita agus an Dragún.

“Rógaire beag í Rita le smaointe móra,” a dúirt Caitríona Nic Sheáin ón gcomhlacht an tSnáthaid Mhór a fhoilsíonn an tsraith.

Tá pleananna móra ag an gcomhlacht agus an údar chun tuilleadh leabhar a fhoilsiú faoi Rita.

Beidh páistí na tíre sásta le sin nó tá siad faoi dhraíocht ag Rita agus an tSióg Mhaith agus Rita agus an Róbat.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.