Irish Independent - Seachtain

‘Ní raibh aon oíche fós ag an ócáid seo nach raibh an áit díolta amach’

-

Tháinig an chéad turas agus an turas bliantúil go Trá Lí ag an ndeireadh seachtaine. Ní bhím bainteach leis na babhtaí reigiúnda do Rós Thrá Lí seachas an ceann baile.

Tá sé seo ar cheann dos na hoícheanta is fearr liom agus ní raibh aon oíche fós ag an ócáid seo ná raibh an áit díolta amach agus lán go doras!

Bheadh rud éigin mícheart muna mbeadh an ócáid bhaile seo lán gach uair!

Cúigear is fiche a bhí istigh ar an gcomórtas i mbliana agus iad tagtha ó gach cearn den gcontae. As an gcúigear is fiche sin níor dhein ach ochtar cleas cóisire, de ghnáth bheadh i bhfad níos mó ann leis an líon seo cailíní.

Bhí sórt imní orainn ag tús na hoíche ach ar shlí bhí sé níos fearr mar go raibh níos mó ama don gcaint.

Bhíomar ag rá go mb’fhéidir gurb é seo an tslí chun é a dhéanamh agus chomh maith leis sin ní raibh an oíche chomh fada dóibh siúd a bhí sa lucht féachana ná dom fhéin ach an oiread! C uirim an cheist chéanna gach bliain ar chuid acu agus sin canathaobh go gcuireann siad isteach air?

Deireann cuid go raibh sé sa cheann acu i gcónaí agus gur sórt ‘tic ar an liosta buicéid’ a bhíonn ann dóibh, ach tháinig cailín ar an stáitse agus dúirt sí go raibh imní agus buairt uirthi faoi rudaí mar seo agus í fhéin a chur chun cinn agus go dteastaigh uaithi rud éigin a dhéanamh mar gheall air!

Bhí cailín eile ann agus tá drólainnít­eas uirthi agus thug sí léargas dúinn ar fad ar chonas a chuireann sé seo isteach ar a saol gach lá. Fé mar a dúirt sí fhéin, ag féachaint uirthi, ní cheapfá go raibh aon tinneas uirthi achtá an scéal ar an dtaobh istigh go hiomlán difriúil! P é scéal é sí Celine O’Shea ó Chathair Saidhbhín Rós Chiarraí, 2018. Tá Celine ag obair le hÁras St Lukes i gCorcaigh, áit a thugann aire do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu. Thug sí tuiscint níos fearr dúinn ar na daoine sin.

Gan dabht tá 55,000 duine sa tír seo a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh i láthair na huaire agus teastaíonn uaithi an scéal a scaipeadh fé seo ar fad agus guím gach rath uirthi! Tá bliain iontach amach roimpi.

Is dóigh liom go mbíonn brú ar Rós Chiarraí nuair a thagann an ócáid mhór ag deireadh an tsamhraidh. Sí cailín na háite atá inti agus bíonn daoine ag súil le rudaí móra uaithi.

Tá cúpla mí aici le dul i ngleic leis seo ar fad agus tá a fhios agam ó bheith ag caint léi go mbainfidh sí sásamh as chomh maith.

 ??  ?? Tá sé ar ais: Beidh samhradh gnóthach ag Dáithí
Tá sé ar ais: Beidh samhradh gnóthach ag Dáithí
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland