Caithfidh na cúigí eile coinneáil leis na Laighnigh éachtacha

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt -

Chomh maith leis an bhfoireann idirnáisiúnta, tá a lorg fágtha ag Cúige Laighean ar an rugbaí, agus cé go mbeadh díomá ar Chúige Mumhan, bhí siad sa dá bhabhta

leathcheannais, rud a léiríonn go bhfuil an cluiche folláin i gcuid den tír.

Ach tá ábhar imní sa bhearna idir na foirne seo agus Cúigí Chonnacht agus Uladh.

Dhéanfá dearmad gur ghnóthaigh Cúige Chonnacht an Pro 12 in 2016 mar níl aon dul chun cinn déanta acu. Bhí na hUltaigh i mbaol a ndícháilithe, agus cé gur sheachain siad é sin, is cosúil go mbeidh fanacht orthu don chóitseálaí nua.

Is iontach éachtaí na Laighnigh, ach caithfear a chinntiú go gcoinníonn na foirne eile leo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.