Sonraí fóin ag sainaithint dúnmharfóirí buachalla
Tá bleachtairí ag úsáid na teicneolaíochta is nuaí chun fóin phóca a rianú agus iad ag cuardach mharfóirí an déagóra Cameron Reilly.
Cuireadh an buachaill 18 mbliana d’aois i gcré na cille níos luaithe an tseachtain seo, agus beirt faoi dhrochamhras na nGardaí sa dúnmharú a chuir alltacht ar mhuintir Dhún Léire i gContae Lú.
Tuigtear do Seachtain go bhfuil Gardaí ag seiceáil na sonraí ar fad ó chrainn fóin phóca sa cheantar – tasc ollmhór – ón oíche sular thángthas ar chorp Cameron a tachtadh i ngarraí.
Thángthas ar an mbuachaill a dúnmharaíodh ar Chnoc na Seamar i nDún Léire. Níor éirigh leis na Gardaí teacht ar a iPhone 8 d’ainneoin chuardach cuimsitheach na nGardaí agus Óglaigh na hÉireann.
Ach tá soláthraithe fóin phóca ag comhoibriú leis na bleachtairí, agus tá monatóireacht ar siúl ar ghlaonna agus ar théacsanna sa cheantar.
Creideann na Gardaí go mb’fhéidir go raibh beirt bhan óg ag an láthair thart ar an am ar dúnmharaíodh Cameron agus go bhféadfadh eolas ríthábhachtach a bheith acu faoin marú.
ARGOÍNT
Deirtear go raibh fear eile ann freisin, dar leis na foinsí. Creideann na bleachtairí go ndeachaigh argóint chun donais agus gur maraíodh Cameron.
D’fhéadfadh go raibh suas le scór déagóirí sa cheantar i rith an tráthnóna roimh bhás Cameron. Tá roinnt díobh siúd tar éis a bhfóin phóca a thabhairt do na bleachtairí dá ndeoin féin chun iad a scrúdú.
“Bhí sé sin an-úsáideach toisc gur
thug sé léargas do na Gardaí faoi cé a bhí sa cheantar agus cé na fóin a bhí in úsáid – aimsíodh naisc leo ó chrann fón póca,” a dúirt foinse.
“Tá na grúpaí SnapChat, Instagram agus WhatsApp a bhí in úsáid sa cheantar ag an am á seiceáil. Tiocfaidh réiteach an cháis chun cinn dá bharr.”
Tá Gardaí fós ag cuardach fhón Cameron. Tháinig siad ar a phas i rith a gcuardach cuimsitheach.
Tugadh criúnna dóiteáin isteach chun na milliúin galún uisce a dhraenáil as taiscumar go deireanach an tseachtain seo caite ar fhaitíos go bhfuil an fón ansin.
Thug an slua ollmhór ag sochraid Cameron Dé Luain ruainne beag sóláis dá thuismitheoirí, Tracy agus Patrick.
D’iarr an tAthair Michael Murtagh orthu siúd a bhfuil eolas acu faoin marú labhairt amach faoi.
Dúradh go raibh an t-íospartach ciúin, cúirtéiseach agus béasach, agus dúirt an sagart paróiste go raibh a mharú “an-aisteach agus gan choinne ar bith” dá bharr.