DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN
DEA-SHEACHTAIN: FOIREANN PEILE NA HÉIREANN
Dea-sheachtain a bhí ann le haghaidh fhoireann peile na hÉireann ó thaobh dhá dhea-rud thar a bheith neamhchoitianta.
I gcultúr a bhfuil gnéithe den homafóibe fós ann, chaith an fhoireann geansaí peile le huimhreacha ildaite orthu chun tacaíocht a thabhairt don phobal LADT mar gheall gur Mí Bróid atá ann.
Ó, agus bhuaigh muid cluiche 2-1 in aghaidh tíre ag a bhfuil daonra thar 3 mhilliún.
Mar a dúirt mé, dhá dhea-rud thar a bheith neamhchoitianta.
D ROC H SHEACHTAIN LÁ: DALTAÍ
Táim chun athrú beag a dhéanamh ar an alt an tseachtain seo.
Drochlá atá ann le haghaidh thart ar 100,000 dalta scoile ar fud na tíre.
Nílim in éad libh, am uafásach é den saol. Bíonn an oiread gaotaireachta faoi sna meáin chraolta, comhairle dhoiléir ag saineolaithe sotalacha, leideanna ó shuíomh éigin nó ráfla go bhfuil a fhios ag col ceathrair do charad céardabheidharan bpáipéar scrúdaithe mar go bhfuil a athair ag obair sa roinn oideachais.
Beidh oraibh déileáil le go leor seafóide an choicís seo, seans maith go bhfuil tú ag léamh an ailt seo den chéad uair mar go ndúirt do thuismitheoirí rud éigin a léamh trí Ghaeilge chun staidéar a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil tú anseo, go n-éirí go geal leat! Déan do dhícheall.
Tá sé tábhachtach gan dabht, ach ní hé deireadh an domhain é.