BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. Spórt - MÁIRE TREASA NÍ CHEAL L AIGH @ MaireTNC

Tá cúpla mí caite ag foireann na Poblachta á bpiocadh féin suas tar éis an cluiche a chaill siad in aghaidh na hÍsiltíre, agus anois tá siad ag fáil faoi réir do dhá dhúshlán mhóra eile in aghaidh na hIorua. Imreofar ceann acu arú amárach i dTamhlacht agus beidh an cluiche eile as baile an tseachtain seo chugainn.

Tá foireann Colin Bell in áit mhaith, ag súil go mbeidh siad ag dul ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn má éiríonn leo. Faoi láthair, tá siad sa dara háit i ngrúpa a trí, ach tá an Iorua sna sála orthu sa tríú háit agus gan eatarthu ach pointe amháin. Tá an-jab déanta ag Colin Bell ó thosaigh sé i mbun cóitseála, agus tá gairmiúlacht nua ag dul leis an bhfoireann anois.

Níl sé ach beagán le cois bliana ó tharla an ruaille buaille ar fad faoi chearta agus comhionannas do na mná san FAI agus féach an dul chun cinn atá déanta acu.

Tá an brionglóid fós beo, agus deis mhór acu dul chun na Fraince an samhradh seo chugainn.

PIC: INPHO/RYAN BYRNE

Ar aghaidh leo: Beidh ar Katie McCabe agus a foireann iad féin a phiocadh suas tar éis cailleadh in aghaidh na hÍsiltíre

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.