Leagan Gaeilge d’amhrán Kodaline eisithe do Ceol 2018

Irish Independent - Seachtain - - Líon. Nuachta -

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an leagan 2018 den albam Ceol ar an leagan is fearr go dtí seo tar éis an fhógra go mbeidh amhrán ag Kodaline ar an albam Gaeilge.

Is é ‘Ag Fadú d’Aidhme’, an leagan Gaeilge de ‘Follow Your Fire’, an dara hamhrán a fógraíodh don albam atá á chur le chéile ag an láithreoir raidió ó 2FM, Eoghan McDermott. Tagann an t-amhrán seo sna sála ar ‘Stócach Brocach’,

leagan Gaeilge de ‘Teenage Dirtbag’ ó Wheatus. Beidh breis amhrán á bhfógairt i rith an tsamhraidh agus beidh an t-albam iomlán á dháileadh ar gach dalta meánscoile sa tír nuair a fhillfidh siad ar an scoil tar éis na laethanta saoire.

“Tá spéis ollmhór ag daoine ar fud an domhain sa Ghaeilge agus creidim go spreagfaidh Ceol 2018 tuilleadh spéise,” a dúirt Eoghan McDermott.

FOCLÓIRÍN Faigh na focail i ndearg Find the words in red d’aidhme: your ambition fógairt: announcement spéis: interest

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.