Irish Independent - Seachtain

Slán le Roseanne – ach níor chóir di bheith ar ais ar aon nós

-

Bhí áthas ar dhaoine nuair a chualadar go raibh criú an tseó teilifíse Roseanne ag teacht ar ais le chéile, n’fheadar an raibh na daoine céanna seo díomách nuair a bhí an bhean í fhéin, Roseanne Barr, as ord le ráitis chiníocha agus dá bharr seo tá ABC sna Stáit Aontaithe tar éis an seó a chur ar ceal!

Nó an nuacht is déanaí ná go bhfuil siad chun an seó a dhéanamh gan Roseanne agus go bhfuil siad chun Darlene (iníon Roseanne sa tsraith) a thabhairt air.

Tar éis píosaí dó a fheiscint ní raibh sé de cheart acu é a thabhairt ar ais in aon chor! Tarlaíonn sé seo dom i gcónaí, nuair a chloisim go bhfuil clár teilifíse a bhí ar siúl nuair a bhíos óg ag teacht ar ais agus tagann na cuimhní seo ar fad ar ais chugam agus bíonn díomá orm taréiséa fheiscint!

Ní oibríonn formhór na gcláracha seo dar liom. MacGyver mar shampla, is cuimhin liom a bheith ag fanacht leis gach tráthnóna Shathairn agus mé im leaid óg. Tháinig leagan úr don gclár amach cúpla bliain ó shin agus tar éis dom an chéad cheann a fheiscint níor chuas chuige aríst. Ar shlí cé gur MacGyver ainm an chláir ní MacGyver nó an MacGyver go raibh aithne againne air atá ann ach duine éigin agus cleasanna MacGyver aige. Is dóigh liom go bhfuil sé éasca do lucht déanta an chláir an ‘branda’ a athsheolad­h agus bíonn lucht féachana éigin ann ón dtús seachas tosnú glan aríst! An méid sin ráite nuair a chonaic mé an seancheann ní raibh puinn suime agam ann ach an oiread! Bíonn am do rudaí mar seo inár saol. Tá sé as dáta anois agus i gcomparáid le cláracha an lae inniu tá siad mall ar shlí.

Thugadar Dallas ar ais chomh maith. Ní raibh cead againn féachaint ar an gclár nuair a bhíomar óg bhí sé ‘róchontúir­teach’ ar chuma éigin agus ó bheith ag féachaint siar ní raibh faic ann! Ní raibh brollach ná aon rud mar sin le feiscint.

Bhí an leagan nua ‘níos contúirtí’ ach ní raibh puinn eile ag dul dó! Bhíos ag fanacht le Bobby teacht as an gcith in athuair!

Tháinig Will agus Grace ar ais i mbliana leis an gcriú céanna agus caithfidh mé a rá go mbaineas taithneamh as. Ní raibh faic in easnamh ach m’óige agus ní raibh sé sin ró-fhada ó shin. Bhuel sin a deirim liom fhéin pé scéal é!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland