Geimhreadh fada roimh Uíbh Fhailí

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. Spórt -

Bhí a fhios againn i gcónaí go raibh seans maith ann gurbh iad Uíbh Fhailí a bheadh ag fáil bata agus bóthar amach as craobh Chúige Laighean agus sin mar a tharla. Tá geimhreadh fada anois roimhe lucht iomána an chontae sin.

Ní féidir aon mhilleán a chur ar aon bhainisteoir ná imreoir, is fadhb é seo a gcaithfidh bord an chontae dul i ngleic leis.

Bhí imní go mbeadh an té a chuirfí amach as an bpríomhchomórtas ró-láidir do Chorn Joe McDonagh, ach leis an bhfeabhas atá tagtha ar an Iarmhí agus Ceatharlach go háirithe, tá an baol ann gur níos mó ísliú céime atá i ndán do Uíbh Fhailí, tragóid do chontae a bhí chomh fíochmhar sin fiche bliain ó shin.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.