Corn Domhanda gan Éire? Á . . . cén mhaith é sin?

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

An mbeidh suim mhór againn sa chorn domhanda agus gan aon fhoireann againne ann? Ní dóigh liom é. Beidh siad siúd a leanann sacar ag súil go mór leis ach don gcuid eile ní bheidh ann ach féachaint ar na torthaí agus bogadh ar aghaidh!

Is maith is cuimhin liom 1990, an chéad bhliain go rabhamar ann, agus deirim ‘rabhamar’ mar bhíomar ar fad sáite ann. Is cuimhin liom daoine ag críochnú luath ón obair agus más buan mo chuimhne bhí an aimsir go maith an t-am céanna.

Ach bhí sórt taithí againn ar dhéanamh go maith sa sacar an uair sin. Bhaineamar na Euro’s amach in ’88 agus d’éirigh thar barr linn, ach céim mhór chun cinn ab ea Italia ’90.

Níor éirigh chomh maith sin linn sna babhtaí tosaigh, níl mórán le labhairt fé seachas cúl iontach Kevin Sheedy nuair a cheap cuid mhaith go raibh an cluiche imithe uainn. Thosnaigh an comórtas i gceart dúinn i gcúinne na Romáine agus na ciceanna pionóis.

Bhí Packie Bonner ar fheabhas an lá céanna agus muna raibh sé ina dhia roimhe sin bhí anois! Ach is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar Bonner tar éis an ceann deireanach a shábháil agus bhí ceann eile le dul againne. Bhí gach éinne ag féachaint ar cé a bhí chun an cic ba thábhachtaí riamh i stair sacair na hÉireann a thógaint agus an chéad rud eile tháinig David O’Leary chun é a thógaint.

DAVID O’LEARY a bhéic gach duine! Sea, David O’Leary. Má bhí cuisle id’ chroí an lá sin bhí sé ag bualadh! Mo ghrá é David O’Leary, dhein sé an beart, thit sé síos ar a ghlúine agus léim an tír ar fad in airde san aer!

Bhíomar sa bhabhta ceathrú ceannais is gcoinne na hIodáile, an fhoireann bhaile! Ní raibh ach ainm amháin i mbéal gach éinne an bhliain sin agus b’in Salvatore Schillaci agus dhein an Schillaci céanna ceann orainn nuair a fuair sé an cúl a chuir abhaile sinn!

Bhí 1994 difriúil mar chomórtas, bhí áthas orainn mar go raibh sé sna Stáit Aontaithe. Bhíos fhéin ag obair i Chicago an samhradh sin agus bhí sé ar nós a bheith sa bhaile. Bhí sé ar nós 1990 domsa ach an uair seo bhí airgead agam! Bhí na pubanna Gaelacha ar fad lán dos na cluichí agus an chraic ag sileadh amach ar na sráideanna gach tráthnóna.

Má dhein Schillaci ceann orainne i 1990 is amhlaidh a dhein Ray Houghton an rud céanna dóibh siúd i Meiriceá agus bhí sé go hiontach. Díoltas, a dhuine, ba dheas ann é!

Bhíos sórt imithe ón sacar i 2002, is mó do chaint a bhíonn ann fé Roy Keane agus an méid a tharla idir é agus Mick McCarthy. Taobh amuigh dó sin dheineamar go maith sa chomórtas sin agus sé a bhí á rá ag gach éinne ná “á, dá mbeadh Roy tar éis fanacht...” Ach sin mar a bhí!

Domsa chun an fhírinne a rá beidh suim agam sna babhtaí deireanacha ach fé mar a dúirt seanfhear liom uair amháin nuair a d’iarras air an mbeadh sé ag féachaint ar an gcorn domhanda.

Sé a dúirt sé ná: “I’m not watching any World Cup if Kerry aren’t playing!”

PIC: INPHO/ANDREW PATON

Leadránach: Toisc nach mbeimid i gCorn an Domhain, ní fheicfimid dráma mar a chonaic idir Mick McCarthy agus Roy Keane in Saipan in 2002.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.