Pota blasta réidh do Ghaeilgeoirí Chorcaí

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Tá cócaire óg ag cur tús leis an gcéad phreabbhialann Ghaeilge cois Laoi an tseachtain seo.

Lonnaithe i gceannáras Gaeltaca i lár chathair Chorcaí, beidh teacht ar stobhach, tagine, anraith is béilí aon phota eile sa bhialann úr a bheidh ar oscailt don samhradh sa chéad dul síos.

Is é Diarmuid Ó Mathúna an cócaire a bheidh i mbun na bialainne agus beidh aithne ag go leor air de bharr gurb eisean a scríobhann ar MO Food Blog, blag bia dátheangach ar líne.

Beidh an bhialann úr ag oscailt go hoifigiúil Dé hAoine agus fanfaidh sí ar oscailt go ceann míosa.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.