Gréasán nua digiteach Gaeltachta seolta

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Tá an chéad ionad eile de Ghréasán Digiteach nua don Ghaeltacht oscailte ar an gCeathrú Rua i gConamara ó thús na seachtaine seo.

Beidh deis ag fiontraithe agus comhlachtaí beaga teacht ar áiseanna cearta oifige agus leathanbhanda láidir a cheanglaíonn an Ghaeltacht leis an idirlíon.

Faoi stiúir Chomharchumann Mhic Dara a bheidh GTeic na Ceathrún Rua agus tá sé á thuar ag bainisteoir an Chomharchumainn, Seán Ó Domhnaill, go mbeidh breis is leathchéad duine ag obair san ionad nuálach seo.

Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh a leithéid d’ionad i ngach Gaeltacht.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.