BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt - MÁIRE TREASA @MaireTNC

Amárach cuirfear tús le comórtas peile a mbeidh súile na cruinne ag féachaint air, Corn an Domhain. Tá 32 tír ann, faraor níl muidne. Bíodh sin mar atá, is féidir linn sult a bhaint as, go háirithe nuair nach mbeidh muid ag féachaint air taobh thiar dár dhá lámh.

An fhoireann bhaile a chuirfidh tús le rudaí agus tabharfaidh an Rúis aghaidh ar an Araib Shádach sa chéad chluiche. An rud atá iontach faoin gcomórtas ná go gcothaíonn sé nasc idir na daoine a fhéachann ar an bpeil go hiondúil, agus na daoine eile nach ndeachaigh i bhfoisceacht an spóirt ó bhí an comórtas deireanach ann sa Bhrasaíl.

Faoin lá amárach beidh do mháthair, do chara, an fear béal dorais, an té a bheidh in aice leat ar an mbus ar fad ina saineolaithe ar na mórcheisteanna ar fad.

An mbeidh Mohamed Salah sách aclaí chun imirt, an mbeidh cos Ronaldo snasta agus an bhfuil an Ghearmáin chomh maith céanna agus a bhí siad i 2014? Tá féile mhór os ár gcomhair, agus cé nach bhfuil aon chuireadh oifigiúil againn, beidh muid ann.

PIC: AFP/Getty Images

Réidh don imirt: tugann an réiteoir Ollannach Bjorn Kuipers faoi roinnt traenála roimh an gcomórtas

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.