NOD DON AINEOLACH DON CHORNICLE CHRIS GREENE

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Is é an ghné is dúshlánaí faoin mí seo ná na saineolaithe oifige a chaithfidh muid ar fad a fhulaingt. Tá aithne agat orthu, táim cinnte. Bíonn staitisticí doiléire acu, anailís chasta agus tógann siad aon deis an riail maidir le himirt as alt a mhíniú d’aon duine.

Míneoidh siad an riail don bhalla. Táim anseo chun leabhar frásaí a cruthú dúinn ar fad, le go mbeadh muid in ann aon chomhrá a stiúradh le haon duine beo faoin gCorn Domhanda. NÁ DÉAN DEARMAD AR FHOIREANN X Don’t forget about TEAM X D’fhéadfá é seo a rá faoi aon fhoireann sa chomórtas roimh chluiche, beidh cuma chríonna agus mheabhrach ort, go bhfuil gach toradh á mhachnamh i d’intinn. SEANS GO GCUIRFIDH FOIREANN X IONTAS ORAINN SA CHOMÓRTAS There’s a chance TEAM X will surprise us in this competition Díreach mar a d’úsáidfeá an frása thuas ach faoi na foirne níos ísle CÉ CHOMH MAITH IS A BHEADH FOIREANN X GAN [PRÍOMH-IMREOIR] How good would TEAM X be without KEY PLAYER Beidh ort beagán taighde a dhéanamh don cheann seo... BHÍ AN RÉITEOIR DIAN ACH FÉARÁILTE / CLAONTA / COTHROM The ref was firm but fair / biased / fair Braitheann sé seo ar spion an chomhrá TÁ AN FUATH FÓS AGAM DO THIERRY HENRY I still can’t stand Thierry Henry Níl a fhios agam an bhfuil an ceann seo ró-choitianta, ach usáidim é go rialta.

AGUS ROINNT EILE... BHÍ SÉ CHOMH MAITH AG AN RÉITEOIR GEANSAÍ X A CHUR AIR

The ref might has well have been wearing a TEAM X jersey

IS FAOI FHOIREANN X É AN CLUICHE A CHAILLEADH NÓ A BHUACHAN

It’s TEAM X’s match to lose

CHEAPFÁ GO BHFUIL FOIREANN MHAITH ACU, ACH NÍ IMRÍONN SIAD GO MAITH LE CHÉILE

They have a good squad on paper but don’t play well together

IS FOIREANN MHAITH IAD, NÍ FOIREANN IONTACH

They’re a good team, not a great team

NÍ FHEILEANN STÍL PHEILE FHOIREANN X DO CHORN AN DOMHAIN

TEAM X’s style of football doesn’t suit the World Cup

NÍL SA PHEIL ACH SCÁIL DE PHEIL NA SEANLAETHANTA

Football just isn’t what it used to be anyway

NÍ BHEADH TOM DALEY FÉIN IN ANN É SIN A DHÉANAMH

Tom Daley couldn’t pull off a dive like that

BA CHUMA LIOM DÁ N-ÉIREODHGOMAITHLESASANAAN UAIR SEO – IS GRÚPA DEAS IAD

I actually wouldn’t mind seeing England do well this time – they’re nice lads

D’ATHRAIGH MÉ M’INTINN, BA MHAITH LIOM GO GCAILLFEADH SASANA NA CICEANNA ÉIRICE SEO

On second thoughts, I want England to lose this penalty shoot-out

CHAILL SASANA AR CHICEANNA ÉIRICE

England have been eliminated on penalties.

NACH MAITH A DÚIRT MÉ LEAT É?

I told you so.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.