Aithreacha agus a bPáistí

Cloisimid faoi dhaoine cáiliúla gach lá den tseachtain agus uaireanta bíonn páistí na gceiliúrán i mbéal an phobail freisin. Toisc go mbeimid ag ceiliúradh aithreacha, seanaithreacha, uncailí agus caomhnóirí ar an Domhnach beag seo, féachaimid ar aithreac

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.óg -

Phil & Lily Collins Lenny & Zoe Kravitz Billy Ray & Miley Cyrus

Bhíodh Billy Ray Cyrus agus a iníon, Miley, le feiceáil ar an gclár cáiliúil, Hannah Montana. Bhíodh an t-amhrán

Achy Breaky Heart le cloisteáil go minic ar an raidió. Anois bíonn Miley le feiceáil mar mholtóir ar an gclár, American Idol.

Lionel & Nicole Richie

Amhránaí den scoth is ea Lionel Ritchie. Tá sé le feiceáil anois mar mholtóir ar American

Idol. Déánann sé ceolchoirmeacha fós. Is í Nicole a iníon agus chaith sí cúig bliana ar an gclár

The Simple Life le Paris Hilton. Is dearthóir faisin agus údar í freisin agus tá beirt clainne uirthi.

Will, Willow & Jaden Smith

Chonaiceamar Will Smith mar Fresh Prince of Bel-Air agus sa scannán Men in Black. Bhía iníon, Willow, ag aisteoireacht sa scannán, I am Legend agus bhí a mhac, Jaden, sa scannán The Pursuit of Happiness agus After Earth.

Steven, Chelsea & Liv Tyler

Tá clú agus cáil ar Stephen Tyler ón ngrúpa, Aerosmith. Tá a iníon, Chelsea, sa bhanna ceoil, BadBad. Agus is aisteoir í Liv afuairceanndena príomhróil sa scannán, Armageddon.

Paul & Stella McCartney

Tá aithne ag gach duine ar domhan ar Paul McCartney ón tréimhse a chaith sé sa bhanna ceoil, The

Beatles. Achtáclú agus cáil ar na héadaí a dhearann a iníon, Stella McCartney.

Bruce & Rumer Willis

Bhí Bruce Willis sa scannán, Armageddon, le Liv Tyler agus tá a iníon, Rumer, ag aisteoireacht freisin. D’oibrigh sí lena hathair sna scannáin The Whole Nine Yards agus Hostage.

Donald & Ivanka Trump

Oibríonn Ivanka dá hathair, Donald Trump, ach tá a gnó féin aici freisin le cumhráin, bróga, málaí agus éadaí. Go cinnte, tá clú agus cáil ar a hathair mar Uachtarán Mheiriceá.

David & Brooklyn Beckham

Imreoir sacair den scoth ab ea David Beckham a chaith cuid mhór dá shaol ag imirt do Manchester United. Anois tá a ghnó faisin aige - agus cumhráin freisin. Tá a mhac, Brooklyn, á leanúint isteach i saol an tsacair. Tá an-suim ag a mhac, Cruz, san amhránaíocht freisin agus d’eisigh sé singil dár teideal, If Every Day was Christmas.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.