Tá an chóisir chun tosnú – ach an bhfuil an Rúis réidh dó?

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt -

Tá an Rúis ag diúltú aghaidh a thabhairt ar cheisteanna móra

cearta daonna, in ainneoin súile an domhain a bheith orthu.

Le deireanaí, thug Danny Rose Shasana le fios nach mbeadh a mhuintir ag taisteal mar gheall ar chiníochas.

Tá ciníochas sa Rúis, chomh maith le heaspa

comhionannais do dhaoine LADT+, ag déanamh tinnis do go leor. D’fhógair Uachtarán Fifa Gianni Infantino go mbeidh cead ag réiteoirí cluichí a stopadh má thugann siad aon chiníochas faoi deara. Beidh faitíos freisin faoi chúrsaí slándála, go háirithe má thosaíonn amhsóirí ag

réabadh.

Tá droch-chlú ar lucht tacaíochta na Rúise, agus ní naoimh iad cuid de na Sasanaigh a théann ag cluichí ach oiread agus beidh ar an tslándáil a bheith dian.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.