Uisce, uisce, i ngach áit ....

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

Má cheapann tusa go bhfuil an teas seo iomarcach, cuimhnigh ar Oussari bocht – tíogar Amúrach fireann, atá i dtaithí ar aimsir i bhfad níos fuaire ina áit dúchais, an tSibéir. Ach oiread le go leor daoine eile ar fud na tíre, léim sé isteach san uisce sa teocht mhór seo. Deir saineolaithe go mbeidh ganntanas uisce ann ní hamháin an mhí seo, ach go dtí i bhfad níos deireanaí sa bhliain, mar go gcaithfidh an talamh thirim uisce a shú isteach sula dtosaíonn na taiscumair fholmha ag líonadh arís. Chomh maith leis an gcosc ar phíobáin uisce a úsáid, táthar ag áiteamh ar an bpobal a bheith an-chúramach faoi úsáid uisce i rith na tréimhse deacra seo.

PIC: BRIAN LAWLESS/PA

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.