Buntáiste baile: ceisteanna fós le freagairt ag an CLG

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. Spórt -

Is aisteach an saol ach dá ndéarfá liom coicís ó shin go mbeadh Maigh Eo curtha amach as an gcraobhchomórtas agus go mbeadh cluiche ceannais iomána Chúige Laighean á ath-imirt i gCúige Mumhan, ní chreidfinn thú.

De bharr sheasamh Chill Dara, thosaigh daoine ag tuiscint go mbeadh cluiche baile, cluiche as baile agus cluiche in áit neodrach ag gach ceann den ocht bhfoireann a bheadh sna babhtaí cáilithe, seachas Baile Átha Cliath ar ndóigh, a mbeidh dhá chluiche acusan i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh ar CLG dul i ngleic leis seo, go háirithe má éiríonn le Cill Dara dul chomh fada sin, mar ní thabharfaidh siad uathu an Droichead Nua.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.