Irish Independent - Seachtain

An Pápa Proinsias

-

Mar is eol do chách, bhí an tír ar bís ag deireadh na laethanta saoire nuair a cuireadh fáilte mhór roimh an bPápa Proinsias. Níor tháinig pápa ar cuairt chun na tíre seo ón mbliain 1979. Bhí an chuairt seo ar fad eagraithe ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach. Féile cúig lá a bhí inti. Bhí cuid mhaith d’Aifreann an phápa i nGaeilge agus bhí an Ghaeilge agus cultúr na nGael lárnach in imeachtaí na féile. Bhí An Chéad Léacht agus ceann de phaidreach­a Ghuí an Phobail as Gaeilge ag an Aifreann Mór. Canadh cúpla iomann trí Ghaeilge freisin. Nuair a bhí an Pápa Eoin Pól II in Éirinn i 1979 labhair sé cúpla focal as Gaeilge agus bhí ríméad ar an lucht féachana nuair a rinne an Pápa Proinsias an rud céanna. Tá an Ghaeilge ar cheann de chúig theanga oifigiúla Chruinniú Domhanda na dTeaghlach i mbliana chomh maith leis an mBéarla, an Iodáilis, an Fhraincis agus an Spáinnis.

Cé nár chaith an Pápa Proinsias ach dhá lá in Éirinn, d’éirigh leis cuairt a thabhairt ar a lán áiteanna sa tír. Maidin Shathairn a thuirling sé in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus cuireadh fáilte oifigiúil roimhe ansin. Thaistil sé uaidh sin go dtí Áras an Uachtaráin agus ar aghaidh leis go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath. Is as sin a chuaigh sé go dtí an Leas-Ardeaglais.

Um thráthnóna, thug sé cuairt ar Ionad Lae na gCaipisíne­ach. Cabhraíonn na Caipisínig­h le daoine gan dídean agus is eol do chách gur fadhb an-mhór í an easpa dídine sa tír seo faoi láthair. Agus ní raibh sos ag an bpápa ansin fiú! Thaistil sé go Páirc an Chrócaigh ina dhiaidh sin chun óráid a thabhairt ag Féile na dTeaghlach.

An mhaidin dar gcionn, thaistil sé go Cnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo. Bhí 45,000 duine i láthair chun an pápa a fheiceáil. Ansin, d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus chuaigh sé go dtí Páirc an Fhionnuisc­e chun Aifreann a rá don slua ar a leathuair tar éis a dó. Bhí thart ar 200,000 duine i láthair. Meastar gur chosain cuairt an phápa €20 milliún. Bhí costais eile ag baint leis na socruithe slándála agus tráchta a bhí curtha i bhfeidhm ag an rialtas le linn chuairt an phápa. Meastar gur chosain an chuairt ina hiomláine trí mhilliún euro ar an rialtas.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland