Irish Independent - Seachtain

Mise a dúirt leis an slua go raibh 50,141 i láthair. Agus leis sin, chuaigh an áit fiáin!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Níl ann gach cúpla lá eile anois agus bead ar ais sa charr ag dul agus ag teacht as Corcaigh don séasúr. Tá séasúr mór fada romhainn arís agus is breá an rud é sin. Bhí seoladh againn san Ardchathai­r i rith na seachtaine, ní féidir aon rud a dhéanamh na laethanta seo ach caithfidh seoladh a bheith ann. An méid sin ráite bhí sé go deas bualadh leis an ngang agus go mór mhór Maura. Ní fhaca í ó mhí Bealtaine agus níor dúirt focal léi le mhí nó dhó agus sin mar a bhíonn againn.

Bhíos ag rá le Rita go mbeadh seachtain againn le chéile sara mbeadh orm tabhairt fén obair agus ná beadh puinn ar siúl! Gan aon bhréag, ní rabhas riamh chomh gnóthach is a bhíos le seachtain!

Tá sé ráite agam i gcónaí go bhfuil lá na gcluichí ceannais i bPeil na mBan ar cheann dos na laethanta is fearr i gceannáras an CLG gach bliain, ach i mbliana bhí dualgaisí eile orm an oíche roimh ré i dtig an Ard-Mhéara agus mé fhéin agus Gráinne McElwain ag cur seó beo i láthair.

Bhíomar gnóthach ár ndóthain leis seo gan trácht ar lá na gcluichí fhéin! Bhí ana-chlár againn ar an Satharn agus ba rud é ná déanfadh riamh cheana. Bhí sórt ionaidh orm ná déanfadh mar is clár éasca é le cur le chéile agus a láithriú. Clár é ina mbíonn gach duine in ardfhorm dó.

Tháinig an lá mór agus bhí áthas orm nár chuas go Coppers mar a bhí ráite agam ar an seó an oíche roimh ré. Deinadh curiarrach­t a bhriseadh an bhliain seo caite nuair a tháinig 46,000 chuig an gcluiche ceannais, líon millteach daoine.

Theastaigh uathu slua níos mó a fháil i mbliana, bhí gach duine ag súil go mbeadh ach cheap gach éinne go mbeadh sé deacair le déanamh.

Mise a dúirt leis an slua go raibh 50,141 i láthair. Chuaigh an áit fiáin! Bhí píosa staire i gceist agus bhí an méid a bhí i bPáirc an Chrócaigh á bhraistint sin.

Bhí píosa eile staire le teacht, níor bhuail Baile Átha Cliath Corcaigh riamh i gcluiche ceannais na hÉireann agus cé go raibh an bua acu an bhliain seo caite bhí an rud seo ag crochadh os a gcionn le tamall.

Bhuel cuireadh deireadh leis sin agus bhí Bleá Cliath níos fearr ná Corcaigh ar an lá, ach níl aon dabht ann acu go bhfuil foireann Chorcaí óg agus ar an tslí ar ais.

Ní raibh Páirc an Chrócaigh fágtha agam nuair a bhí orm aghaidh a thabhairt ar an Tulach Mhór agus mo bhuataisí réidh don treabhadh! Agus is ann a bheidh mé go tráthnóna. Bead i mbothán Lidl. Gaibh chugam agus b’fhéidir go dtabharfai­nn duais duit!

 ?? PIC: SAM BARNES/SPORTSFILE ?? Slua: Bhí Páirc an Chrócaigh dubh le daoine.
PIC: SAM BARNES/SPORTSFILE Slua: Bhí Páirc an Chrócaigh dubh le daoine.
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland