Draíocht ar na leathnaigh

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Tá dhá leabhar nua ag teacht amach go luath a chuirfidh sceitimíní ar léitheoirí óga agus iad ag smaoineamh ar Oíche Shamhna.

Ar an gcéad dul síos tá an ceathrú leabhar ó shraith ‘Rita’ leis an tSnáthaid Mhór le heisiúint gan mhoill. An uair seo beidh an cailín cróga ag spraoi le cailleach agus is iontach an eachtra a bheidh sa leabhar a sheolfar go luath.

Cuirfidh na léitheoirí céanna spéis ar leith freisin sa leagan Gaeilge de ‘The Wizard of Oz’ a ndearnadh scannán iontach as le Judy Garland. Beidh deis ag léitheoirí titim i ngrá le Dorotaí agus aithne a chur ar na carachtair iontacha eile.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.