Hector ag gabháil soir ina chlár úr
Ní taistealaí domhanda go dtí Hector Ó Heochagáin, ruagaire teilifíse TG4.
Agus ina shraith nua, Hector – Ó Siberia go Saigon (TG4, 9.30 in, Déardaoin), cuirfidh fear rua na Mí 8,000 ciliméadar ar an gclog agus é ag taisteal ó thuaisceart na Rúise go príomhchathair Vítneam in oirdheisceart na hÁise, Cathair Ho Chi Minh nó Saigon mar a bhíodh.
Ach ní hé fad an turais an ghné is mó a mheallfaidh daoine go dtí an tsraith, ach na heachtraí a bheidh ag Hector ar an aistear.
Cuirfidh sé tús leis an eachtra sa tSibéir, an fásach fuar 3,500 ciliméadar ó Mhoscó, ar díbríodh easaontóirí polaitiúla an Aontais Shóivéadaigh ann tráth a raibh an cumannachas i réim sa Rúis. Agus é ann tiomáinfidh sé na sleamhnáin a bhíonn á dtarraingt ag foireann huscaithe. Tar éis turas ar an Iarnród Tras-Sibéarach, tabharfaidh sé aghaidh ar mharcaigh na Mongólach, dream a bhí i réim i ré Gheingis Cán. Beidh sé seal i sléibhte na Himiléithe mar a bhfaighidh sé ceachtanna i gcung fú.