HOP-UP GAELTACHT: SEO Í AN BHEAN ATÁ AG TABHAIRT GAEILGE GO OZ
Má tá fianaise uait gur teanga dhomhanda í an Ghaeilge, ní gá ach féachaint ar an ngrianghraf seo a thagann chugainn ón Astráil.
Seo í Síne Nic an Ailí, stiúrthóir thogra Cultúr Club Chonradh na Gaeilge, agus í ag tabhairt cuairt ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ar fud na hAstráile.
Ghlac sí deis chun cuairt a thabhairt ar ‘hop up’ Gaeltacht na gcangarúnna.
Togra é an Cultúr Club a thugann acmhainní breise d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fud an domhain.
Ní hamháin go raibh ‘pop up Gaeltacht’ ar bun ag Gaeilgeoirí Sydney, Perth, Canberra agus Walyup ach bhí grúpaí acu páirteach freisin sa churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge gan stad is faide riamh a tháinig chun deiridh an tseachtain seo caite.
Tá acmhainní de chuid Cultúr Club ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge. Is féidir teacht ar leabhráin ansin a thugann léargas ar an teanga agus gnéithe eile de chultúr na hÉireann.