Fáilte go heagrán na seachtaine seo de Réidh le Plé!
San eagrán seo tabharfaimid aghaidh ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Ar ndóigh, tá lucht an tríú bliain ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach deireanach i mbliana. Mar is eol dóibh, tá an scéal/eachtra mar chuid lárnach den pháipéar. Is gá saibhreas agus cruinneas a léiriú agus tú ag scríobh, cibé scrúdú nó measúnú atá ar siúl agat. Mar aon leis sin, tá léamhthuscint ann do lucht na hArdteistiméireachta faoin bpeil Ghaelach i mBaile Átha Cliath, ach is fiú do gach duine an t-alt seo a léamh.
Coinnigh ort ag plé ábhar na seachtaine seo!