An Eachtra/An Scéal - Páipéar a hAon - an tríú bliain – an Teastas Sóisearach 2019
Tá 50 marc ag dul don scéal/eachtra ach tabhair faoi deara go bhfuil an chuid is mó de na marcanna sin ag dul ar Ghaeilge chruinn, shaibhir a bheith agat ann. Is cinnte gur fiú, mar sin, roinnt nathanna, seanfhocal agus frásaí deasa a fhoghlaim le caitheamh isteach ann. Anois, féach thíos ar an seicliosta atá againn. Más féidir leat na ceisteanna seo a fhreagairt i do scéal/eachtra, beidh leat! Bí cinnte go scríobhann tú an scéal san Aimsir Chaite i gcónaí.
50 marc:
Stíl 2 mharc - An bhfuil an cheist freagartha i gceart agat? An scéal/eachtra atá ann?
Ábhar 8 marc - An bhfuil na sonraí sa cheist luaite agat? Mar shampla, más scéal faoi thimpiste atá ann, an bhfuil sin mar chroílár an scéil/na heachtra?
Gaeilge 40 marc - An bhfuil Gaeilge dheas, chruinn, shaibhir i do scéal/eachtra?
Molaimid go ndéanfá iarracht idir leathanach agus leathanach go leith a scríobh don scéal/eachtra.