Guy Fawkes – cérbh é?

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain Óg -

Rugadh Guy Fawkes thart ar an mbliain 1570 in York sa Bhreatain. Caitliceach ab ea é agus throid sé sa ‘Chogadh Ochtó Bliain’ ar son na Spáinne. Lorg sé cabhair ó na Spáinnigh chun éirí amach a thosú i Sasana ach níor chabhraigh siad leis. Bhuail sé le fear darbh ainm Thomas Wintour, áfach. Chuir Wintour Fawkes in aithne do Robert Catesby. Bhí plean mór ag Catesby. Theastaigh uaidh an Rí Séamas I a mharú agus rí Caitliceach a chur ina áit.

Thóg siad seomra ar cíos a bhí in íoslach Theach na dTiarnaí i Londain. Cuireadh Fawkes i gceannas ar an bpúdar gunna a bhí stóráilte ann ach rug na húdaráis air ar an 5 Samhain 1605. Ceistíodh é agus rinneadh é a chéasadh agus, ar deireadh, d’admhaigh sé go raibh sé mar phlean acu an rí a mharú. Daoradh chun báis é ach díreach sula ndearna siad iarracht é a mharú, thit sé anuas de scafall agus bhris sé a mhuineál agus cailleadh é!

Déantar an 5 Samhain a cheiliúradh gach bliain sa Ríocht Aontaithe i gcuimhne ar an oíche sin a rugadh ar Fawkes leis an bpúdar gunna. Lastar tinte cnámh agus caitear fear bréige - macasamhail Guy Fawkes - isteach sa tine. Bíonn tinte ealaíne le feiceáil ar an oíche chéanna. An bhfuil aithne agat ar aon duine a cheiliúrann Guy Fawkes ar an 5 Samhain? Conas mar a cheiliúrann siad?

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.