Plean Teanga na Ceathrún Rua ceadaithe faoi dheireadh
Breis is dhá bhliain ó cuireadh plean teanga na Ceathrún Rua faoi bhráid na Roinne Gaeltachta, an chéad phlean a cuireadh isteach, tá sé ceadaithe ar deireadh.
D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta nuacheaptha, Seán Kyne, go raibh sé ag ceadú phleananna teanga na Ceathrún Rua, Chonamara Láir agus Ghaeltacht na Mí go luath tar éis dó dul i mbun a chúramaí an tseachtain seo caite.
Ciallaíonn seo go mbeidh comharchumainn sna ceantair sin ábalta tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga gan a thuilleadh moille. Ceadaíodh €100,000 do Chomharchumann Mhic Dara sa Cheathrú Rua agus do Chomharchumann Ráth Chairn i gContae na Mí agus tá allúntas €150,000 le fáil ag Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir.
Tá oifigigh pleanála teanga ceaptha agus á gceapadh i nGaeltachtaí eile faoi láthair.