Ómós do ‘Rí Thoraí’ ar a bhás
Tá ómós léirithe ag Gaeil ar fud an domhain ar an meáin shóisialta do Phatsaí Dan Mac Ruaidhrí, an té a bhí ina Rí ar oileán Thoraí, tar éis gur fógraíodh a bhás ag an deireadh seachtaine.
Bhí cáil agus clú ar Phatsaí Dan as ucht a chumais ceoil, a sheanachais agus a chumais mar ealaíontóir. Ba dhuine den ghrúpa ealaíontóirí é ar a dtugtar Ealaíontóirí Thoraí. Tháinig an grúpa ealaíne seo chun tosaigh tar éis d’ealaíontóir Sasanach, Derek Hill, cuairt a thabhairt ar an oileán amach ó chósta thiar Thír Chonaill.
Is traidisiún fadabhunaithe é go mbíonn Rí ag Toraigh. Is é a bhíonn ag stocaireacht ar son seirbhísí don oileán.