Ceiliúradh na Taibhdheirce ar 90 bliain de dhrámaíocht
Ón am ar ghlac Siobhán Nic Cionnaith, Mícheál Mac Liammóir agus a gcairde páirt sa chéad léiriú i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 1928, tá Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ag léiriú drámaí den chéad scoth i gCathair na dTreabh.
Agus an deireadh seachtaine seo, déanfar ceiliúradh ar an oidhreacht stairiúil sin le súil siar dhrámatúil ar na buaicphointí ó léirithe na hamharclainne san am atá caite. Páirteach sa léiriú beidh Macdara Ó Fátharta (Tadhg i Ros na Rún), Bríd Ní Neachtain, Sorcha Ní Chéide agus go leor eile.
I measc na léirithe a bhfeicfear giotaí uatha, beidh San Siobhán le George Bernard Shaw agus leagan Ghaeilge den gceoldráma, Annie. Tá beocht nua sa Taibhdhearc le déanaí. Mealladh na sluaite go Dún na mBan Tré Thine, Baoite agus geamaireacht na Nollag i mbliana, Toraíocht an Yummy Mummy.