Irish Independent - Seachtain

Cluiche Ceannais Chorn an FAI

-

Ní fada uainn cluiche ceannais an FAI agus arís eile is iad Dún Dealgan agus Corcaigh atá ag fáil faoi réir. Tá lucht tacaíochta Chontae Lú ag ceiliúradh cheana féin, agus craobh na sraithe sa phóca acu.

Tá moladh faoi leith ag dul do Stephen Kenny, a bhfuil obair na gcapall déanta aige.

Ní hamháin go dtugann sé muinín dá chuid imreoirí dul chun páirce agus imirt as a stuaim féin, ach creideann sé i spiorad bhaile Dhún Dealgan.

Is luachmhar an obair atá déanta aige do mheanma muintir na háite ansin.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland