BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh fios níos fearr againn inniu faoin treo a bhfuil na Muimhnigh ag dul an séasúr seo tar éis a gcluiche i gcoinne Gloucester, ach ar bhealach, níl muid faic níos eolaí fúthu tar éis an deiridh seachtaine. Cinnte, ghnóthaigh siad, ach rinneadh éasca dóibh é agus Danny Cipriani curtha den pháirc.
Foireann láidir, leanúnach iad Gloucester, agus tar éis an suas síos atá déanta ag fir Johann van Graan, bhí deis acu stampa a chur ar a séasúr sa bhaile sa chluiche seo.
Tá níos mó fadhbanna anois ag an gcóitseálaí. Níl aon chluiche as baile buachta fós acu, agus anois tá triúr imreoir eile leonta air, chomh maith le Conor Murray. Chaithfeadh sé go bhfuil van Graan ag déanamh machnamh ar an mí-ádh atá bronnta air le cúpla mí.
Dála an scéil, chaill na Laighnigh a gcéad chluiche craoibhe Eorpach i dtréimhse bliana ar an deireadh seachtaine, ach is mó imní i bhfad a bheadh orm faoi na Muimhnigh a ghnóthaigh go maith.
Tá rud éigin in easnamh agus tá faitíos orm nach bhfuil a fhios acu féin céard é an rud sin.